Conas an teanga réamhshocraithe a athrú in Canvas
Cuirfidh an leathanach seo na céimeanna ar fáil chun an teanga a athrú in Canvas, d’úsáideoir aonair agus do chúrsa aonair araon.
Chun an teanga réamhshocraithe in Canvas a athrú d’úsáideoir, téigh chuig an deilbhín Account ag barr an roghchláir Nascleanúna Domhanda.
Roghnaigh setting só na roghanna a thaispeántar.

Cliceáilan cnaipe Edit Settings ar chlé.
Téigh go dtí anroghchlár Language agus roghnaigh an teanga ón roghchlár anuas.
Tabhair faoi deara go bhfuil an Ghaeilge i mbun forbartha.
Cliceáilan cnaipe Update Settings, agus athrófar an teanga. Is féidir tabhairt faoin bpróiseas céanna arís chun an teanga a athrú go teanga eile ag am ar bith.
Chun an teanga a athrú do chúrsa:
- Téigh go Settings.
- Scrollaigh go dtí anroghchlár anuas Language.
- Roghnaigh an teanga ón roghchlár.
- Cliceáilan cnaipe Update Settings.
Tabhair faoi deara go bhfuil an Ghaeilge i mbun forbartha.
Le haghaidh tuilleadh tagairtí maidir leis an teanga réamhshocraithe a athrú in Canvas, féach leathanaigh acmhainní Canvas: